Privacy settings

Le Déluge

© Paul Kinsella
Tionscnamh dhá pháirt
Ealaíontóir:
Pete Casby
Arna choimeádú ag Ríonach Ní Néill
Date:
23.08.2020

Description

Nach mór an spórt é cath uisce? Cé acu is fearr leat – a bheith ag fliuchadh nó ag fáil fluich?  Cé acu is sásúla…duine a bhá go craiceann le tuile mhór ó bhuicéad, nó sprioc a bhualadh go cruinn le steall uisce?

Tá dhá pháirt leis seo. Táimid ag tabhairt cuireadh do ghasúir agus do thuismitheoirí gunna uisce a dhearadh agus a dhéanamh, agus ansin bualadh linn ar an trá ar son cath agus cluichí uisce.

Tá treoir ar líne ag an t-ealaíontóir Pete Casby a mhúineann duit conas gunnaí uisce a chrothú as sean-ábhar a bheadh sa mbaile agat. Is féidir leat na treoracha a leanúínt mar atá nó iad a úsáid mar inspioráid chun d’uirlis fhéin a chumadh.

Séard atá i gceist ná fuíolábhar nó ábhair atá ar láimh a úsáid. B’fhéidir go bhfuil seanphíopaí fághta thart, nó caidéal rothair nach bhfuil in úsáid, nó buicéad fiú. Tá sé tábhachtach freisin nach gcuirfí uisce amú, agus is fearr uisce báistí a bhailiú.

Roinn físeán de do uirlis uisce agus tú a úsáid. Cuir #LeDéluge, #Hopeitrains2020, #Galway 2020 leis. Bronnfaidh muid duaiseanna ar na hiarrachtaí is fearr agus fógróidh muid na buaiteoirí  ar FB/Instagram & Twitter.

Treoir: www.youtube.com/CiotogTV

Booking

Saor in aisce, http://www.eventbrite.ie/e/le-deluge-tickets-116595942603

Áit: Ar an trá i nGaillimh