Grain Loves Rain
Privacy settings

GRAIN LOVES RAIN



Ghlac Dasha Tsapenko agus Nazar Gresko an scannán seo ar fhón nuair a bhí siad scoite amach ar Inis Oírr i Márta 2020 le linn ghéarchéim Covid-19.

Is éiceachóras soghluaiste agus leochaileach é Grain Loves Rain. Caithfear giollacht a dhéanamh air, aire agus forcamás a thabhairt dó, agus é a bheathú le báisteach. Bhuaigh an saothar an Comórtas Dearadh Weatherproof Me!, agus rinneadh é a choimisiúnú ar dtús mar thogra ealaíne rannpháirtíoch. Bhí grúpaí i mBéal Átha an Rí agus Inis Oírr lag glacadh páirt ann, agus bhí na clócaí duilleacha le caitheamh acu ag paráidí Lá ‘le Pádraig.

Ach thit sé amach go raibh Dasha agus Nazar ar Inis Oírr agus scartha óna gcomhoibritheoirí de bharr na srianta taistil. Is é an léiriú aonair seo toradh na hama sin.

 

Bhunaigh Dasha Tsapenko agus Nazar Gresko studio ailtireacht, ealaín agus dearadh PROSO san Ísiltír i 2019. Tá sé mar aidhm ag PROSO timpeallacht uirbeach sláintiúil agus sona a chothú, agus díríonn sé go criticiúil ar an chomhtháthú sóisialta, éiceolaíoch agus uirbeach.

http://www.hopeitrains.ie/images/weatherproofme/grainlovesrain/glr1.jpg
Ealaíontóirí | Artists

Dasha Tsapenko & Nazar Gresko

Ceamara | Camera

Nazar Gresko

Eagarthóir | Editor

Joe Lee

Producer | Léiritheoir

Ríonach Ní Néill

Intéirnigh GMIT | GMIT Interns

Niamh Carty, Heather Moore

Tréimhse cónaitheach | Residency

Heneghan’s Nursery, Athenry (5.3.20 – 10.3.20)

Áras Éanna, Inis Oírr (10.3.20 – 20.3.20)

Arna choimeádú ag | Curated by

Ríonach Ní Néill, Jeni Roddy

Buíochas le | Thanks to

Áras Éanna, Inis Oírr, Dara McGee, Máire Daly, Gliondar Athenry Community Arts Group, Heneghan’s Nursery, Athenry