Achoimre | Summary
Privacy settings

Achoimre | Summary

Tabhair faoi acomhal idir an chorp agus an aimsir a chumadh agus a dhearadh.

Tá muid sa tóir ar dhearaí nua, le cur os comhair an phobail le linn Ghaillimh 2020, nuair a bheidh cathair agus contae na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, (agus nuair a bheidh suas le 2.5 milliún duine ag tabhairt cuairte ar an chontae). 

Beidh na dearaí mar chuid den chlár Hope it Rains | Soineann nó Doineann, atá mar mhór-thionscadal de chuid Ghaillimh 2020. Teastaíonn uainn go mbeadh tóir ar Ghaillimh in 2020 mar gheall ar an droch-aimsir, agus go mbeidh muid ag baint taitneamh agus tairbhe aisti, cuma soineann nó doineann. Teastaíonn uainn an aimsir a chur chun leasa an phobail, agus tarraingt uaithi mar fhoinse cruthaitheachta agus comhluadair dúinn go léir.

Caitheann Weatherproof Me! súil eile ar an chaidreamh idir an chorp agus an aimsir i nGaillimh, agus an tionchar atá ag an aimsir ar an chorp agus ár n-iompar. Táimid ag lorg dearaí a chothaíonn athrú meoin maidir lenár n-iompar sa bháisteach, nó sa ghaoth, nó sa dorchadas- dearaí a cheistíonn cad atá – nó nach bhfuil - á dhéanamh againn faoin athrú aeráide agus faoi bhainistíocht ar uisce- dearaí a dhéanann lá den aimsir.

Cuirfear fáilte roimh iarratais atá nuálach, samhlaíoch, spraíúil, gríosaitheach, nó drámata. Cuirfear fáilte freisin roimh iarratais ó ghrúpaí idirdhisciplíneacha nó iarratais a bhaineann úsáid as cur chuige comhoibríoch, maraon le hiarratais a bhaineann úsáid as teicneolaíocht inchaite, nó ceirdeanna traidisiúnta. Níl teorainn ná coinníollacha ar an dearadh ná ar an déantúsaíocht.

 

Spriocdháta: 24:00 GMT, 10 Lúnasa, 2019

 

Hope it Rains | Soineann nó Doineann

Tá Hope it Rains | Soineann nó Doineann ag iarraidh go mbeidh tóir ar Ghaillimh in 2020 mar gheall ar an droch-aimsir, agus go mbeidh muid ag baint taitneamh agus tairbhe aisti, cuma soineann nó doineann. Teastaíonn uainn an aimsir a chur chun leasa an phobail, agus tarraingt uaithi mar fhoinse cruthatheachta agus comhluadair dúinn go léir.

Táimid ag tabhairt cuireadh do mhuintir na Gaillimhe, beag is mór, teacht le chéile le saineaolaithe sna healaín, eolaíocht agus innealtóireacht chun tabhairt faoi thionscnaimh chruthaitheacha ar fud an chontae. Beidh muid ag cumadh, ag dearadh agus ag cruthú le chéile ar thionscnaimh a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite, spraoi agus sláinte, athrú aeráide, tírdhreach agus oidhreacht.

Tá Hope It Rains | Soineann nó Doineann faoi stiúir Ríonach Ní Néill, á léiriú ag Ciotóg, agus coimisiúnaithe ag Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa.

 

 

Hope It Rains | Soineann nó Doineann arna chruthú ag Ríonach Ní Néill, arna léiriú ag Ciotóg, arna choimisiúnú ag Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa.


Hope It Rains | Soineann nó Doineann is created and curated by Ríonach Ní Néill, produced by Ciotóg, and commissioned by Galway 2020, European Capital of Culture.