Comhthéacs | Context
Privacy settings

Comhthéacs | Context

Báisteach, fearthainn, brádán, múrtha, múraíl, cith báistí, draonán báistí, frasach, aimsir shalach, múirín gréine, aimsir fliuch, salachar báistí, ceathach, ceobhránach báistí, batharnach bháistí, díle báistí, draonán báistí, doirteadh báistí, cur báistí, clagarnach báistí, bagairt báistí, tuilleadh báistí, biathú báistí.......

B’fhéidir go bhfuil ceantracha níos fluiche agus níos gaofaire ná Gaillimh ann (agus tá)– ach ní chreideann muid sin.

Titeann an tóin as an spéir, suas le 2 mhéadar báistí in aghaidh na bliana, agus ar bheagnach 227 lá sa mbliain. Ní hamháin go dtiteann an bháisteach anuas orainn, ach séideann an ghaoth í trasna orainn freisin. Is minic a bhuaileann gálaí gaoithe agus stoirmeacha an cósta, agus bíonn sé dorcha dúirc le scamaill sa gheimhreadh.

Is ábhar cainte fíorthábhachtach é an aimsir in Éirinn. Níl deireadh le comhrá go dtí go ndéanfar tagairt uirthi, agus tá iliomad focal agus seanfhocal againn ar gach gné di.

Is cinnte nach féidir brath ar an aimsir, mar sin cad is fiú plean a dhéanamh roimhré, ach an deis a thapú nuair a thagann sí? Tá tionchar ag an aimsir ar charachtair, ar mheoin, agus ar iompar an phobail, chomh maith lenár sláinte agus meabhairshláinte.

Tá meon diúltach faoin aimsir inár gcultúr. Caitheann daoine níos mó agus níos mó ama faoi dhíon in ionad faoin aer. Dá bharr, bíonn níos lú deiseanna acu casadh le daoine eile, a bheith gníomhach, nó teagmháil a bheith acu leis an dúlra. Cuireann sé seo go léir leis an ráta árd rómheachan sa tír. Léiríonn taighde go gceapann mórchuid Éireannach go bhfuil contúirt ag baint le bheith amuigh faoin spéir sa gheimhreadh, ach go háirithe nuair a bhíonn sé ag cur báistí. Cuireann an dearcadh séantach seo isteach ar pháistí chomh maith. Dar le tuarascáil 2016 “Children and the Outdoors”, dúirt páistí gurbh í an aimsir an dara rud is measa faoi bheith ina gcónaí in Éirinn.

Ach tá taobh eile ar an scéal. Tá áilleacht agus galántacht ag baint leis an aimsir – le múiríní gréine, boghanna báistí, agus leis an síor-athrú scamall trasna na spéire. Agus ní hé go bhfuil aimsir na Gaillimhe go dona i bhfírinne. Tá sí i bhfad níos boige ná i dtíortha eile chomh fada ó thuaidh linn. Tá sé níos fliche san Iorua agus níos gaofaire san Albain.

Ní minic a chloisfeá Éireannach ag tnúth le báisteach. Ach sna blianta romhainn amach, d’fhéadfadh go mbeadh muid ag guí le cith báistí. Tá tionchar an athrú aeráide le feiceáil in Éirinn cheana, idir tuillte agus triomach, stoirmeacha móra agus creimeadh cósta. Is ollcheist í bainistiú uisce, ach go háirithe agus a nganntanas agus iomarcacht á thuar. Cé go nglacann pobal na hÉireann leis go bhfuil athrú ag teacht ar an aeráid, agus go bhfuil gá lena mhaolú, tá mórán cainte ar bheagán cuide. Tá géarghá le réiteach a fháil ar an fhadhb.

Seo comhthéacs Hope it Rains | Soineann nó Doineann. Ba mhaith linn dearcadh dearfach a chothú i measc phobal na Gaillimhe, agus leas a bhaint as an aimsir chun athrú aeráide a mhaolú. Táimid ag lorg soineann sa doineann.

Tá tuilleadh eolais faoin aimsir ar fáil ar An Aimsir ar TG4.ie, nó ar  www.met.ie

Hope It Rains | Soineann nó Doineann arna chruthú ag Ríonach Ní Néill, arna léiriú ag Ciotóg, arna choimisiúnú ag Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa.


Hope It Rains | Soineann nó Doineann is created and curated by Ríonach Ní Néill, produced by Ciotóg, and commissioned by Galway 2020, European Capital of Culture.